Beidh cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh.
Cad é Sochar Linbh?
Íocaíocht mhíosúil a dhéantar do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí de leanaí atá 16 bliana d’aois nó níos óige ná sin is ea Sochar Linbh.
Más rud é go bhfuil an leanbh fós i mbun oideachas lánaimseartha, traenáil lánaimseartha nó más rud é go bhfuil sé nó sí faoi mhíchumas agus nach bhfuil siad in ann iad féin a chothú dá bharr, tá tú i dteideal éileamh a dhéanamh ar Shochar Linbh go dtí go mbaineann do leanbh 19 mbliana d’aois.
Cén fhaisnéis a n-iarrfar orm?
Cé is féidir leo iarratas a chur isteach leis?
- Tuismitheoirí nó caomhnóirí de leanaí atá 16 bliana d’aois nó níos óige ná sin..
- Tuismitheoirí nó caomhnóirí de leanaí atá idir 16 agus 19 bliana d’aois más rud é go bhfuil an leanbh fós i mbun oideachas lánaimseartha, traenáil lánaimseartha .
- Is féidir le saoránach nach de chuid an AE é atá fostaithe go dleathach sa Stát a bheith incháilithe do Shochar Linbh más rud é gur cónaitheoir é an leanbh sa Stát .
Do chuid mionsonraí
Ceisteanna fútsa féin, do sheoladh, aon leanaí atá agat agus do stádas muintearais.
Sonraí bainc
Sonraí do chuntais bhainc.
Stádas cónaitheach
Fiafrófar díot ceisteanna faoi do stádas cónaitheachta.