Réamhrá

Tá slándáil ar láithreán gréasáin MyWelfare thar a bheith tábhachtach i gcónaí. Tógadh MyWelfare ón mbun aníos agus aird ar shlándáil agus tá ár dteicneolaíochtaí agus ár gcleachtais slándála ag forbairt i gcónaí.

Cosain do chuntas

Tá d’fhaisnéis phearsanta mar chuid de d’aitheantas. Seo roinnt leideanna chun fanacht sábháilte ar líne agus d’fhaisnéis phearsanta a chosaint:

  • Bí cúramach agus tú ag cliceáil ar hipearnasc atá leabaithe i dteachtaireacht téacs nó i ríomhphoist.
  • Coinnigh d’fhaisnéis phearsanta agus do phasfhocal slán. Moltar gan do phasfhocal a roinnt le daoine eile agus phasfhocail a athrú go rialta.
  • Caith go cúramach le hiarrataí ar fhaisnéis phearsanta. Bí ar d'fhaichill faoi ghlaonna bréige a mhaíonn gur ó MyWelfare nó ó aonán rialtais iontaofa eile iad.
  • Súiteáil bogearraí frithvíreas ar gach gléas agus socraigh na bogearraí chun nuashonruithe a sheiceáil gach lá go huathoibríoch.
  • Bíodh slándáil sonraí mar thosaíocht laethúil, cleachtaigh cibear-shláinteachas agus déan athbhreithniú leanúnach ar do nósanna slándála

Conas a chosnaíonn MyWelfare do chuntas

Chun a chinntiú gur féidir leat rochtain a fháil ar sheirbhísí le muinín iomlán, úsáideann MyWelfare na leibhéil is airde slándála tionscalchaighdeánach. Seo a leanas cuid de na bearta a dhéanaimid:

Slándáil Ar Líne:

Tá ár láithreán gréasáin criptithe chun d’fhaisnéis phearsanta a chosaint.

Úsáidimid ballaí dóiteáin freisin (bacainn idir an t-idirlíon agus ár líonra inmheánach) lena chinntiú go gcosnaítear d’fhaisnéis phearsanta ó chibear-ionsaithe.

Fíordheimhniú Dhá Fhachtóir:

Úsáidfidh custaiméirí a bhfuil cuntas fíoraithe MyGovID acu fíordheimhniú dhá fhachtóir. Gach uair a dhéanann custaiméir fíoraithe iarracht logáil isteach i seirbhís ag baint úsáide as MyGovID, a phasfhocal a athrú, a uimhir theileafóin a nuashonrú nó a chuntas a aisghabháil, seolfar teachtaireacht téacs chuig a uimhir theileafóin fíoraithe. Cuireann sé seo sraith bhreise slándála leis agus laghdaíonn sé an dóchúlacht gur féidir le droch-aisteoir aithris a dhéanamh ort agus rochtain a fháil ar do chuntas

Níl fíordheimhniú dhá fhachtóir ar fáil faoi láthair do chustaiméirí a bhfuil cuntas bunúsach MyGovID acu. Molaimid do gach custaiméir a bhfuil cuntas bunúsach acu a gcuntas MyGovID a fhíorú anois ionas gur féidir leat slándáil do chuntas a fheabhsú agus rochtain a fháil ar sheirbhísí breise.  

Tuairiscigh calaois amhrasta

Má fhaigheann tú teachtaireacht téacs, r-phost nó glao gutháin gan iarraidh ag maíomh gur ó MyWelfare í a bhfuil amhras ort go bhfuil calaois i gceist, glaoigh orainn ar 076 628 5191 nó seol ríomhphost chuig support@mywelfare.ie.